← Fiche bliain ó shin a pósadh Lisín agus Pól. 🔊✎
← Agus anois fear saibhir, léannta a bhí ann, fear a raibh meas ag cách air, ardfhear. 🔊✎
← Teach breá aige, clan mhac, iad cliste agus dathúil. 🔊✎
← Maidir leis an gcóisir féin, bhí gach rud idir lámha aici - bhí sí tar éis gloiní agus fíon a chur ar ordú sa siopa fíona; bhí an reoiteoir lán le pióga agus ispíní agus bradán agus arán lámhdhéanta den uile short. 🔊✎
← Bhí an dara reoiteoir tógtha ar cíos aici - is féidir é seo a dhéanamh, ní thuigfeadh a lán daoine é ach thuig Lisín, b'in an saghas í - agus bhí an ceann sin líonta freisin, le rudaí deasa le hithe. 🔊✎
← Rudaí milse den chuid is mó de, agus rudaí nach raibh milis ach nach raibh i Reoiteoir a hAon. 🔊✎
← Dá mbeadh an lá go breá bheadh an chóisir acu amuigh sa ghairdín, agus bhí boird agus cathaoireacha le fáil ar iasacht aici ó na comharsana. 🔊✎
← Agus mura mbeadh an lá go breá bhí an teach mór go leor do na haíonna ar fad. 🔊✎
← Bhí gach rud ann glan agus néata agus álainn: péint nua ar na ballaí, snas ar na hurláir, bláthanna sna prócaí. 🔊✎
← Bhí an teach i gcónaí néata agus álainn, agus ag an am céanna bhí sí féin néata agus álainn. 🔊✎
← Bhí sí tanaí agus bhí gruaig fhada fhionn uirthi. 🔊✎
← Bóthar fionn a bhí ann, cé go raibh na fir dorcha: dubh nó donn, agus, a bhformhór, liath. 🔊✎
← Ach ní raibh gruaig liath ar bhean ar bith, agus rud ab iontaí fós ná sin ní raibh ach bean amháin dorcha ar an mbóthar - Eibhlín, máthair Emma Ní Loingsigh. 🔊✎
← Bhí na mná eile go léir fionn, agus dathúil agus faiseanta, b'in mar a bhí, bhí caighdeán ard ar an mbóthar maidir leis na cúrsaí seo, ní bheadh sé de mhisneach ag bean ar bith dul amach gan smidiú ar a haghaidh, agus éadaí deasa uirthi. 🔊✎
← Fiú amháin agus iad ag rith amach leis an mbruscar bhíodh gúnaí oíche deasa orthu, agus an ghruaig cíortha go néata acu, ionas go dtuigfeadh na fir a bhailigh an bruscar gur daoine deasa iad, cé nár éirigh siad in am don bhailiúchán uaireanta. 🔊✎
← Bhí sí níos faiseanta agus níos néata ná aon duine eile. 🔊✎
← Bhí sé cairdiúil agus gealgháireach, agus ba mhinic grinnscéal de shaghas éigin aige. 🔊✎
← Fiú amháin agus é ag caint ag an doras bhí na súile sin ag stánadh ar Ruán, agus an chuma orthu go raibh x-ghathú á dhéanamh acu ar a raibh laistigh dá intinn agus ina chroí. 🔊✎
← Bean thanaí, dhathúil, ghealgháireach, bean tí iontach, agus ag an am céanna bhí a lán rudaí eile ar siúl ag Lisín. 🔊✎
← Bhí sé eolach agus cliste agus ciallmhar, agus bhí raidhse mór airgid aige um an dtaca seo, agus é go léir infheistithe sa chaoi is nach raibh air mórán cánach a íoc. 🔊✎
← Bhí árasáin agus tithe aige freisin, anseo is ansiúd ar fud na hEorpa, agus cíos á bhailiú aige uathu. 🔊✎
← Mar sin d'fhad sí sa bhaile, ach bhí sí gnóthach, ina ball de mhórán eagraíochtaí agus clubanna: clubanna a léigh leabhair, clubanna a rinne dea-obair ar son daoine bochta, clubanna a d'eagraigh léachtaí ar stair áitiúil agus geolaíocht áitiúil agus litríocht áitiúil, agus faoi conas do ghairdín a leagan amach ionas go mbeadh sé níos deise ná gairdíní na gcomharsan nó do theach a mhaisiú ionas go mbeadh do chairde go léir ite le formad. 🔊✎
← Bhí suim aici i scannáin agus i ndrámaí. 🔊✎
← Ní raibh sí riamh díomhaoin agus ba bhean spéisiúil í, a d'fhéádfadh tabhairt ar aon ábhar ar bith faoin ngrian. 🔊✎